From: 50.00

Ag Siúl ar an Imeall

Tá Oileán Thoraí (ciallaíonn Toraigh áit a bhfuil beanna arda crochta) suite 14m amach ó chósta Iarthuaisceart na hÉireann agus is seoid dhrámatúil mhiotasach é i stair agus in oidhreacht na hÉireann. Labhraíonn an dream atá ina gcónaí i dToraigh Gaeilge, agus is de phór fada bríomhar iad a théann siar go dtí an seanam.

Ag Siúl ar an Imeall – Tumadh in Oileán Fiáin – is turas siúil é agus deis nach dtarlaíonn go minic le dearcadh duine ar an taobh istigh a fháil ar an áit ar leith seo ar fhíorimeall na hEorpa. Ta scéalta faoin fharraige, coimhlintí finscéalaíochta agus maireachtáil fite fuaite sa chósta dhrámatúil agus sa bheatha mhara a mhaireann go síochánta ann.

Is é Aodh, cainteoir dúchais Gaeilge a threoraíonn an turas, agus is féidir é a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Tá plé ann le duine de mhuintir an oileáin, agus turas siúil a nochtann fiadhúlra, stair, miotaseolaíocht agus dreach dúchasach na hÉireann.

Is féidir an turas a ghlacadh mar thuras lae nó mar thuras lae agus stopadh thar oíche. Sa turas lae beidh siúil 2-3 uair an chloig ar an oileán, agus deis snámh san fharraige sula n-imíonn tú chun an bhaile. Sa turas agus fanacht thar oíche beidh dhá shiúlóid, siúlóid níos faide tráthnóna ar theacht isteach san oileán duit agus siúlóid níos giorra ar maidin lá arna mhárach, agus snámh san fharraige más mian leat.

Tá an lóistín oíche in Óstán Thoraí agus tá béile tráthnóna agus bricfeasta san áireamh i bpraghas an turais le stopadh thar oíche bunaithe ar sheomra dúbailte nó seomra dhá leaba. Tá uasghrádú go seomra leaba amháin ann ach tú é a iarraidh.

NÍL an costas ar an bhád farantóireachta (10-25 Euro ag brath ar d’aois) san áireamh agus is féidir sin a chur in áirithe san áit nó ar líne ag www.toryferry.com sula dtig tú. Is féidir ticéad teaghlaigh nó ticéad grúpa a fháil. Bíodh a fhios agat gur ó Ché Mhachaire Rabhartaigh a imíonn an bád díreach in am agus tú féin atá freagrach as taisteal go dtí an port farantóireachta agus uaidh le bheith ansin roimh an am.

Tá lóin phacáilte shaincheaptha ar fáil ar an turas seo ach tú sin a iarraidh agus is féidir a bpraghas a lua leo féin.

Aodh Mac Gairbheá

“Is áit draoíchtach fíor-álainn é Oiléan Thoraí”, deireann Aodh as Rann na Feinste.

Is as Rann na Feirste Aodh Mac Gairbheá agus tá sé ina chónaí ansin lena bhean chéile agus a chuid páistí. Is ceantar Gaeltachta é Rann na Feirste áit a bhfuil an Ghaeilge a labhairt go laethiúl ann agus is mór an ghrá atá aige dá theanga dhúchais.

Bíonn Aodh ag teagasc na Gaeilge sa mhéan scoil ar Oileán Thoraí. Tá suim faoi leith aige i dteanga, gcultúr, stair agus miotaseolaíocht an oileáin.

Hugh McGarvey

“Tory Island is an amazingly beautiful and magical place”, says Hugh McGarvey from Ranafast.

Ranafast is in a Gaelteacht area where Irish is spoken daily. Hugh lives there with his family and has a great love of his native tongue. He currently teaches in the secondary school on Tory Island and has a particular interest in the language, culture, history and mythology of the island.

From: €50 to €200 

Book now

  • Sign Up
Lost your password? Please enter your username or email address. You will receive a link to create a new password via email.